Tá an–chuid poiblíochta tugtha go dtí seo ar na meáin do ‘Scéim na Frithghiniúna Saor in Aisce’ ag an Rialtas. Admhaíodh i gcuid de na tuairiscí sin gur faoin Acht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheach), 2022 a tugadh an Scéim sin isteach. Meitheamh 29, 2022, a tionscnaíodh Bille an Achta sin. Ní raibh tagairt ar bith sa leagan a foilsíodh an lá sin do ‘Scéim na Frithghiniúna Saor in Aisce’. Iúil 1, 2022, a cíoradh an Dara Céim, agus bhí ‘Scéim na Frithghiniúna Saor in Aisce’ i leagan an Dara Céim. Iúil 6, 2022, a cíoradh Céim an Choiste, agus na Céimeanna a bhí Fágtha. In aon lá amháin a ritheadh na Céimeanna go léir den Bhille i Seanad Éireann, Iúil 12, 2022. Iúil 18, 2022, a shínigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn an Bille ina Acht. Ní hamhlaidh a cuireadh Céim ar bith de ar vóta, agus aontú leo go léir.
10 TD a chíor le linn an Dara Céim é. Go bhfios domsa, níl sa líon sin ach córam ar éigean. Ba iad a bhí sa Dáil le haghaidh an Dara Céim: Seán Ó Fearghaíl, FF, Cill Dara Theas, Ceann Comhairle [ní chaitheann an Ceann Comhairle vóta, mura mbíonn comhscór ann]; an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, FF, Cill Mhantáin [ní chaitheann an tAire vóta]; David Cullinane, SF, Port Láirge; Patricia Ryan, SF, Cill Dara Theas; Martin Browne, SF, Tiobraid Árann; Duncan Smith, Páirtí an Luchta Oibre, Baile Átha Cliath – Fine Gall; Colm Burke, FG, Corcaigh Láir–Thuaidh; Ruairí Ó Murchú, SF, Lú; Róisín Shortall, Na Daonlathaithe Sóisialta, Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh; Jennifer Murnane O’Connor, FF, Ceatharlach – Cill Chainnigh; Paul Donnelly, SF, Baile Átha Cliath Thiar; Gino Kenny, Pobal roimh Bhrabach – An Dlúthpháirtíocht, Baile Átha Cliath Láir Thiar.
3 TD a chíor Céim an Choiste, agus na Céimeanna a bhí Fágtha: David Cullinane, SF, Port Láirge; Bríd Smith, Pobal roimh Bhrabach – An Dlúthpháirtíocht, Baile Átha Cliath Láir Theas; Róisín Shortall, Na Daonlathaithe Sóisialta, Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh. Ba í Catherine Connelly, Neamhspleách, Gaillimh Thiar, Leas–Cheann Comhairle, a bhí sa Chathaoir; agus ba é an tAire Sláinte, a labhair thar ceann an Rialtais, Stephen Donnelly, FF, Cill Mhantáin.
Agus níor chíor ach beirt TD i Seanad Éireann é: Niall Ó Donnghaile, SF; Martin Conway, FG. Jerry Buttimer, FG, a bhí ina Chathaoirleach Gníomhach, le linn an chíortha.
Maidir leis an Acht féin de, Uimhir 20 de 2022, An tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha), 2022; (Uimhir 2 de 2022), tá tagairtí sa Teideal Fada do sholáthar seirbhísí frithghiniúna i gcomhair ban a bhfuil 17 mbliana slánaithe acu, ach nach bhfuil 26 bliana slánaithe go fóill acu. Leanann sé air go ndeir go bhféadfaidh an tAire Sláinte ‘a fhorordú le rialacháin go soláthrófar seirbhísí frithghiniúna i gcomhair ban in aois eile, nó d’aicmí eile, ó thaobh blianta d’aois de.’
Cuid 3 [lgh 4–7], tagraíonn sí, in áiteanna difriúla, dóibh seo a leanas: ‘seirbhísí frithghiniúna’, agus ar lch 5, alt 6. (4), do chóireáil ‘gaireas fadghníomhach inchúlaithe’; ‘seirbhísí difriúla frithghiniúna nó aicmí difriúla seirbhísí frithghiniúna’, nó in alt 6. (8) (a), ar lch 6, do sholáthar ‘seirbhísí frithghiniúna, nó d’aicmí difriúla seirbhísí frithghiniúna i gcomhair aicmí difriúla ban’; agus ar lgh 6–7 ‘earraí iomchuí’, faoi réir alt 20 agus alt 23 d’Acht 2013, [i.e. An tAcht Sláinte (Earraí Liachta a Phraghsáil agus a Sholáthar), 2013 (Uimh. 14)]’ in alt 6. (8) (11) (b) [lgh 6–7], ar mar seo leanas a léirítear iad:
‘earraí iomchuí’, faoi réir alt 20 agus alt 23 d’Acht 2013, ciallaíonn siad drugaí frithghiniúnacha, agus earraí (lena n–áirítear // gairis frithghiniúna fadghníomhaí inchúlaithe, agus frithghiniúnaigh éigeandála
Dá réir sin, is é aidhm an Achta seo, maoiniú a dhéanamh orthu seo, ar chostas an cháiníocóra: piollairí coiscthe breithe, gairis frithghiniúna fadghníomhaí inchúlaithe, agus frithghiniúnaigh éigeandála, arb é príomh–mhodh oibre gach uile chinn díobh díothú an tsutha dhaonna i dtosach a bheatha [i.e. ginmhilleadh]. Á éileamh atá siad, i bhfocail eile, go gcabhróidh siad seo le malairt a sholáthar do mhná ar an nginmhilleadh, ach é sin trí ghinmhilleadh níos luaithe ná sin a chur chun cinn.
–––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––
Is dírithe ar mhná óga óna 17 mbliana déag d’aois go dtí 25 bliana d’aois atá an Scéim seo. An amhlaidh nach bhfuil baint ar bith ag fir le leanaí a choimpeart? Rinneadh taighde le déanaí a thaispeánann gur ó 10 mbliana d’aois go dtí 24 bliana d’aois a mhaireann an teacht–in–inmhe go fisiceach [An tOllamh Susan M. Sawyer, et al. ‘The age of adolescence’, The Lancet Child and Adolescent Health (Eanáir 17, 2018)]. Is é sin le rá, gur dírithe ar bhlianta deiridh an teachta–in–inmhe atá an Scéim. Níl bun fírinne ar bith lena chreidiúint, i gcás na réime aoise sin, go laghdóidh an beartas seo ar líon na dtoircheas nach bhfuil fáilte rompu. Eacnamaí ar Ollscoil Nottingham i Sasana is ea an tOllamh David Paton, agus tá spior spear á dhéanamh den argóint sin aigesean le blianta. Tuairiscíodh le déanaí gur timpeall le 21,000 beo–gan–breith a bhfuil dúnmharú dlíthiúil déanta orthu faoin Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018, ó tugadh tosach feidhme di, Eanáir 1, 2019.
De réir dealraimh, is é fíoraidhm na Scéime seo a chur ina luí ar mhná óga nach gá go mbeadh droch–iarmhairtí ar bith dóibh sa bheartaíocht chollaí –– ach gan galruithe caidrimh chollaí a theacht orthu! Polasaí cam sleamhain é sin, tráth ar beag duine óg atá in acmhainn áitreabh nó árasán a fháil ar cíos, nó gur beag iad na beirteanna chun pósta atá in acmhainn éarlais a chur síos chun teach a cheannach ar morgáiste. Cad chuige, i gcúrsaí an scéil, nach maithfí cáin ioncaim do dhaoine faoi bhun 30 bliain d’aois?
Is iad na slite coiscthe breithe atá an Scéim seo a chur chun cinn, an Piollaire, na ‘Frithghiniúnaigh’ Fhadghníomhacha Inchúlaithe, Instealltaí ‘Frithghiniúna’, Ionphlanduithe, an Córas Ionútarach, an Fearas Ionútarach [an Corna], an Paiste ‘Frithghiniúnach’ móide an Fáinne, agus an ‘Fhrithghiniúint’ Éigeandála, mar a thugtar uirthi; gach uile cheann díobh sin, is dóchúla go mór go ndíothóidh siad an suth daonna i dtosach a bheatha, ná go ndéanfaidh siad frithghiniúint, ná aimridiú.
Ritheadh Acht i Meitheamh 2014, an tAcht Ceartais Choiriúil (Fianaise Dlí–Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014. Feicigí an focal ‘corp’ faoi Léiriú, alt 2. (1), san Acht sin, mar a dtugtar ‘duine daonna/human person’ ar an bhféatas daonna. Ní hé sin amháin é, ach glactar leis an Tástáil DNA ar fud an Achta. Ón mbliain 1994, tá an Tástáil DNA á húsáid sa Phoblacht i gcásanna coiriúla, agus i gcásanna atharthachta. Níl ciall ar bith leis an Tástáil DNA a úsáid, mura duine daonna é an neach daonna –– agus é sin ón ubhthoirchiú. ‘Duine daonna’ a thabhairt ar chréatúr, fágann sin go bhfuil cearta daonna ag an gcréatúr; agus is é an príomhcheart orthu sin, an ceart chun a bheith beo. Ní dhéantar idirdhealú ar ‘féatas’ agus ar ‘suth’ san Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018 Ar a shon sin is uile, níor cuireadh san áireamh Acht 2014 in aon chor, agus rialú á thabhairt ag an gCúirt Uachtarach i gCathair Luimnigh ar chás inimirce, Márta 7, 2018 [M (Immigration – Rights of the Unborn) –v– Minister for Justice and Equality & ors]. Is amhlaidh a bhí an cás inimirce bunaithe ar an tuiscint go raibh ceart ag an mbeo–gan–breith sa chás sin ar shaoránacht Éireannach. Ón Afraic an t–athair, a raibh ordú díbeartha ó Éirinn eisithe ina choinne, ach ba in Éirinn a coimpríodh an beo–gan–breith. Ba é rud a rialaigh an Chúirt Uachtarach nach gcaithfeadh an tAire Dlí agus Cirt, agus Comhionannais, déileáil leis an mbeo–gan–breith i leith is go raibh cearta Bunreachtúla aici seachas a raibh aici faoi Airteagal 40.3.3º, mar a bhí, [is é sin nach ndéanfaí ginmhilleadh uirthi] 13.3 (vii); agus nach leanbh ba ea í de réir Airteagal 42A de Bhunreacht na hÉireann (13.3 (viii). An tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018, is mar seo a mhínítear na focail ‘féatas’ agus ‘suth’ ann sin:
ciallaíonn “féatas”, i ndáil le toircheas, suth nó féatas le linn na tréimhse ama a thosaíonn tar éis ionchlannú in útaras mná agus a chríochnaíonn an tráth a thagann an féatas go hiomlán amach as colainn na mná [Mínithe 2].