Maidir leis an Scéim Ghinearálta Uasdátaithe de Bhille dar teideal An Bille Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018, tá sa méid a leanas tráchtaireacht agamsa ar théacs Ceannteideal áirithe, agus na cúiseanna ar cheart daoibh diúltú don Bhille.
Cúiseanna le Diúltú do Reachtaíocht an Ghinmhillte
Ceannteideal 1. Mínithe; agus Ceannteidil 4, 5, 6, 7, 19
“féatas” i dtaca leis an toircheas, ciallaíonn sé suth nó féatas, ó i ndiaidh an ionchlannaithe i mbroinn na mná go dtí go dtagann an féatas amach ar fad as colainn na mná
“foirceannadh toirchis”, i dtaca le bean thorrach, ciallaíonn sé cleachtas míochaine arb é is cuspóir dó deireadh a chur le beatha an fhéatais
Is soiléir cad é an bonn atá leis an Scéim Ghinearálta Uasdátaithe a thabhairt le fios go bhfuil sé dleathach deireadh a chur le beatha sutha/féatais ‘ó i ndiaidh an ionchlannaithe i mbroinn na mná go dtí go dtagann an féatas amach ar fad as colainn na mná’. Is é bonn é: léirmhíniú ar Airteagal 40.3.3º ag an gCúirt Uachtarach i gCás X in 1992, agus gur acht dá réir sin is ea an tAcht um Chosaint na Beatha le linn Toirchis, 2013, agus toradh an Reifrinn ar Airteagal 40.3.3º a bhaint amach as an mBunreacht, Bealtaine 25, 2018.
Déarfainnse libhse go bhfuil locht ar an léirmhíniú sin. Ós é Reifreann Bhealtaine 25, 2018, an blúire dlí is déanaí maidir leis seo, ní miste foclaíocht an Leasaithe ar glacadh leis a thabhairt ann seo:
Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil
Músclaíonn sé sin roinnt pointí láithreach. Ní mhínítear ‘le dlí’. Cad is ciall leis go beacht: tríd an Oireachtas, le hordú Aire, nó le hionstraim reachtúil? Níl sé soiléir. Tugtar faoi deara chomh maith ‘Féadfar socrú a dhéanamh’. Is é loighic na bhfocal sin gur ceadmhach gan an socrú sin a dhéanamh, nach bhfuil sé riachtanach ó thaobh dlí socrú a dhéanamh. I dtaobh an leagain ‘foirceannadh toirchis’, tá cialla difriúla leis sin, agus ní insíonn an Leasú nua dúinn cé na cineálacha foirceanta toirchis atá le rialáil le dlí.
Le blianta, ó tugadh an bhreith ar Chás X, tá na Cúirteanna ag tathant ar an Oireachtas a mhíniú cathain a thagann ann do bheatha duine, nó ar a laghad a mhíniú cén pointe a dtosaíonn an dlí ar an gceart chun beatha a chosaint agus a shuíomh le dlí. Tá sé an–suntasach gurbh amhlaidh a rith an tOireachtas an tAcht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí–Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014, tar éis an tAcht um Chosaint na Beatha le linn Toirchis, 2013, a rith. Admhaíonn Míniú 2. (1) den Acht seo um Cheartas Coiriúil gur pearsa dhaonna is ea an féatas daonna. Thairis sin, glacann an tAcht sin passim leis an Tástáil DNA. Tá an Tástáil DNA in úsáid i bPoblacht na hÉireann ó 1994 i leith. Ar an 2 phointe sin a thógáil le chéile, tá sé le tuiscint gur leis an ubhthoirchiú a thosaítear ar bheatha an duine dhaonna indibhidiúil, mar gur leis sin, leis an ubhthoirchiú, a leagtar amach DNA an duine dhaonna indibhidiúil. Ní foláir nó ciallaíonn sé chomh maith go n–admhaíonn an Stát gur pearsa dhaonna is ea an duine daonna, mar nach mbeadh an Tástáil DNA bailí, olc maith ná dona, murarbh amhlaidh a bheadh, agus b’uafásach an scéal é mura nglacfaí le fianaise na Tástála DNA i gcásanna coiriúla, ná i gcásanna atharthachta.
Mar seo a ghabhann Airteagal 40.1 de Bhunreacht na hÉireann:
Áirítear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí.
Is aitheantas é sin sa Bhunreacht gur mar gheall ar dhaoine a bheith ina bpearsana daonna atá siad cothrom le chéile i láthair an dlí. Aimsir na breithe ar Chás X, ní raibh míniú ar bith sa dlí ar cathain a thagann ann do bheatha duine, nó an duine daonna a bheith ina phearsa dhaonna. Ach is amhlaidh atá an míniú sin ann ó ritheadh Acht 2014, agus dá réir sin caithfidh sé fearadh ar an mbreith ar Chás X; agus ar an Acht um Chosaint na Beatha le linn Toirchis, 2013, a cheadaíonn ‘beatha dhaonna gan breith a dhíothú’ ar chúinsí áirithe –– feicigí libh ailt 7, 8, 9, agus 22.
Reifreann dár tionóladh sa Phoblacht sa bhliain 2001, ba é an toradh a bhí air deireadh ar fad a chur le pionós an bháis. Is é rud a chiallaíonn sé sin, bíodh duine ciontach nó neamhchiontach i ndúnmharú abair, ní féidir pionós an bháis a chur air/uirthi. Ní féidir don bheo gan breith dúnmharú a dhéanamh, ach mar sin féin, is é rud a cheadódh an Scéim Ghinearálta seo, dáiríre, go gcuirfí daoine neamhchiontacha chun báis. Tagann sé sin trasna, ó bhonn, ar na dlíthe comhionannais go léir atá rite sa Phoblacht le blianta, agus tagann sé trasna chomh maith ar thiomantas na Poblachta do chearta daonna go hidirnáisiúnta leis na deicheanna de bhlianta. Sa bhliain 1989 a ghlac na Náisiúin Aontaithe leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh; shínigh Poblacht na hÉireann é sin, Meán Fómhair 30, 1990, agus dhaingnigh é, Meán Fómhair 29, 1992. An seasamh seo a leanas sa Ráiteas ar Chearta an Linbh, 1959, glacadh isteach sa Choinbhinsiún leis:
Ag cuimhneamh dúinn ar rud a cuireadh in iúl sa Ráiteas ar Chearta an Linbh, 1959, “de chionn gan é a bheith lánfhásta ina cholainn ná ina mheabhair, tá cosaint agus cúram ar leith ag dul don leanbh, a n–áirítear ar an méid sin, cosaint chuí dhlíthiúil, sula saolaítear é, agus tar éis a shaolaithe” …
Leanann an Coinbhinsiún air: [Na Stáit ar Páirtithe sa Choibhinsiún seo iad] tá aontaithe le chéile ar an méid seo acu:
CUID I
Airteagal I
Chun críche an Choinbhinsiúin seo, is é rud a chiallaíonn ‘leanbh’: gach uile dhuine daonna faoi bhun 18 mbliana d’aois, mura mbaineann an leanbh lánaois amach níos túisce, faoin dlí a bhaineann leis an leanbh.
Dá réir sin, níl bun ar bith dlí ag Poblacht na hÉireann leis an nginmhilleadh díreach a cheadú ar aon chúinse, mar a dhéanfaí dá nglacfaí le Ceannteidil 4, 5, 6, 7, agus 19, den Scéim Ghinearálta seo.
Ceannteideal 15 An Diúltú Coinsiasach
Ní luaitear sa chomhthéacs sin ach lia–chleachtóirí, banaltraí, agus mná cabhrach. Iad siúd a dhiúltaíonn go díreach ‘foirceannadh toirchis’ a dhéanamh, tabharfar orthu an bhean a iarrfaidh ‘foirceannadh toirchis’ a sheoladh ar aghaidh go dtí duine a dhéanfaidh é. Ní aithníonn sé sin cearta Bunreachtúla daoine, ná institiúidí creidimh –– feicigí libh Airteagal 44.2.1º, 44.2.3º, agus 44.2.5º, agus ní luaitear, in aon chor, baill eile den fhoireann a bheadh i gceist i gcásanna mar sin, ainéistéisithe, foireann pharaimhíochaine, agus glantóirí.
Ceannteideal 18 Cosc ar ghlacadh le híocaíochtaí nó le luach saothair áirithe, ná ar aontú le glacadh leo
Tá sé tugtha le fios ag nuachtáin dhifriúla go bhfuil ráite ag an Aire Simon Harris gurb é an Stát a íocfaidh as cuid den ‘fhoirceannadh toirchis’ a cheadófar faoin reachtaíocht seo atáthar a mholadh, má ritheann an tOireachtas í. De réir dealraimh, tá sé sin curtha san áireamh faoi Cheannteideal 18, ach níl téacs Cheannteideal 18 chomh cinnte de sin is atá na tuairiscí a tugadh ar ráiteas an Aire. Más é an Stát a íocfaidh as cuid de na ginmhilltí díreacha, an mbeidh de rogha ag cáiníocóirí gan cuid na nginmhilltí den cháin a íoc?
Ceannteideal 21. (c)
Tá alt 10 den Acht Sláinte (Beartú Muiríne), 1979, le haisghairm. Ainneoin go n–áitítear a mhalairt, níor aisghairmeadh é sin san Acht um Chosaint na Beatha le linn Toirchis, 2013. Is alt i dtaobh ginmhillteach é alt 10, agus déanann sé athdhearbhú ar ailt 58 agus 59 den Offences Against the Person Act, 1861. Tharla go bhfuil sé i gceist go mbeidh an Comh–Choiste um Shláinte ag cíoradh ceadúnú drugaí, ba stuama an mhaise dóibh staidéar a dhéanamh ar gach a bhfuil ráite sa tráchtaireacht romhainn ar Cheannteideal 1. Ba cheart dóibh a chur san áireamh chomh maith nach é gach uile dhuine a ghlacannn leis nach ndéanann an piollaire ginmhillte díobháil don bhean.
Séamas de Barra
Website: www.adfam.ie
The Abortion Pill is Safe? 22 Women Have Died, 411 Got Infections and 1,041 Women Hospitalized
Women’s health groups claim that abortion, and particularly the abortion pill, is safe, but data shows that abortion-inducing drugs are not risk-free.
Planned Parenthood, NARAL Pro-Choice America, Whole Women’s Health and other abortion providers contend that abortion is safe and that attempts to educate women about the risks of abortion are disingenuous ploys intended to restrict abortion access.
The Food and Drug Administration’s (FDA) most recent update shows that since the abortion pill was approved, 22 women have died, 97 women have suffered ectopic pregnancies, 1,041 women have been hospitalized, and 411 women have contracted infections after taking the abortion pill.
“As of December 31, 2017, there were reports of 22 deaths of women associated with mifepristone since the product was approved in September 2000,” the FDA’s March 28 report reads. Those deaths included two ectopic pregnancies resulting in death and several cases of fatal severe infection.
SUPPORT LIFENEWS! If you like this pro-life article, please help LifeNews.com with a donation!
The abortion pill is 98 percent effective for women less than eight weeks pregnant and 96 percent effective for women eight to nine weeks pregnant. The pill is 91 to 93 percent effective for women who are between nine and 10 weeks along in pregnancy, according to Planned Parenthood.
The pill costs roughly $300 to $800 depending on the state and the woman’s health care plan.
“Safe, legal, and rare” is some stigmatizing bullshit.
I will provide as many abortions as people need. If you need one #abortion or two abortions or twelve abortions, I’m here for you. #sorrynotsorry #shoutyourabortion https://t.co/1YV5GzVnD7
— Dr. Diane Horvath-Cosper (@GynAndTonic) July 25, 2018
The FDA notes that while it has received reports of serious adverse events in cases where women took abortion-inducing drugs, “adverse events cannot with certainty be causally attributed to mifepristone because of concurrent use of other drugs, other medical or surgical treatments, co-existing medical conditions, and information gaps about patient health status and clinical management of the patient.”
Complications from the abortion pill, RU486, have also rose in Ohio, according to a July 20 Operation Rescue report. There were 106 complications due to pill-induced abortions in 2017, a 44-percent increase from 2016 and an 87-percent increase from 2014.
Ohio abortion clinics saw 192 abortion medication complications between 2014 and 2017, and the abortion pill has caused 47 medical complications in 2018.
LifeNews Note: Grace Carr writes for Daily Caller. Content created by The Daily Caller News Foundation is available without charge to any eligible news publisher that can provide a large audience.