A Chairde,
Táimidne, ADFAM –– Comhghuaillíocht Cosanta an Teaghlaigh agus an Phósta á mholadh dár lucht leanúna vótáil NÍL sa Reifreann ar an Diamhasla. Tá ríomhphost samplach déanta amach againn d’fhonn cuidiú lenár lucht leanúna teagmháil a bheith acu le TD agus le Seanadóirí, mar go bhfuil súil ag an Rialtas an Bille um Leasú a bheith rite acu faoi dheireadh na seachtaine seo sa Dáil agus sa Seanad. Feicigí libh ina dhiaidh seo an ríomhphost samplach.
Bhur gCara,
Séamas de Barra,
Cisteoir/Rúnaí,
ADFAM –– Comhghuaillíocht Cosanta an Teaghlaigh agus an Phósta.
Dé Domhnaigh, Meán Fómhair 16, 2018.
info@adfam.ie
(087) 131 3425.
ADFAM –– Comhghuaillíocht Cosanta an Teaghlaigh agus an Phósta
Cláruimhir an Ainm Gnó, 593257; Úinéir an Ainm Gnó
A Chairde,
Dé Máirt, Meán Fómhair 18, 2018, ar 18.05, tá sé i gceist go mbrostódh an Dáil le GACH UILE CHÉIM den Bhille um an Seachtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cion a aisghairm arb éard é ní diamhaslach a fhoilsiú nó a aithris), 2018. Nuair a rithfidh, nó má ritheann an Dáil, GACH UILE CHÉIM Dé Máirt, tá an Dáil chun déileáil le ‘Tairiscint i dtaobh Ráitis mar Eolas do na Vótálaithe’ maidir leis an mBille um Leasú. Déardaoin, Meán Fómhair 20, 2018, ar 15.00, tá sé i gceist go rithfeadh an Seanad GACH UILE CHÉIM den Bhille céanna. Tá sé beartaithe an Bille seo um Leasú a chur ar Reifreann, an lá céanna le Toghchán na hUachtaránachta, Dé hAoine, Deireadh Fómhair 26, 2018. Mar atá a fhios agaibh ón dréachtbhileog Bhéarla ar an ábhar seo atá curtha agamsa chugaibhse, is é an tAirteagal a bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas é a leasú Airteagal 40.6.1ºi de Bhunreacht na hÉireann. Is í seo an chuid den Airteagal sin a bhaineann le hábhar:
Aon ní diamhaslach nó ceannairceach nó graosta a fhoilsiú nó a aithris is cion inphionóis é de réir dlí.
Is amhlaidh atá an Rialtas á mholadh go mbainfí amach an focal ‘diamhaslach’ as an gcuid sin.
Bhur gCara,
Séamas de Barra,
Cisteoir/Rúnaí,
ADFAM, Unit 104, 35 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach, Baile Átha Cliath 6. D06V4A0.
Dé Domhnaigh, Meán Fómhair 16, 2018.
info@adfam.ie
Ríomhphost Samplach
Cad Chuige Vótáil NÍL leis an bhFocal ‘diamhaslach’ a Bhaint Amach as Airteagal 40.6.1ºi
1) Níl an togra oibrithe amach i gceart, ach a oiread leis an togra acu chun aitheantas a dhiúltú don bhean as ‘a saol sa teaghlach’, Airteagal 41.2.1º, togra ar chaith an Rialtas é a tharraingt siar, go bhfeicfimis linn. Meas amadán atá ag an Rialtas ar na vótálaithe.
2) Níl cinnteacht ar bith ann, ach an focal ‘diamhaslach’ a bhaint amach as Airteagal 40.6.1ºi, nach coir a bheidh a thuilleadh ann ‘aon ní diamhaslach … a fhoilsiú nó a aithris’. Níl ar bun ag an Rialtas ach ag cur chuma na tuisceana orthu féin –– is fánach an mhaise dóibh sa chás seo é. Cén loighic atá ag baint le Reifreann a thionól ar Airteagal 40.6.1ºi, ach gan baint d’Airteagal 44.1? Mar seo a ghabhann Airteagal 44.1: ‘Admhaíonn an Stát go bhfuil ag dul do Dhia na nUilechumhacht é a adhradh le hómós go poiblí. Beidh urraim ag an Stát dá ainm, agus bhéarfaidh oirmhidin agus onóir do Chreideamh.’Ordú atáthar a chur in iúl le ‘Beidh’ san abairt sin. Ní súilíocht atá i gceist, ach riachtanas ó thaobh dlí de. Ní luaitear ach aon Dia amháin sa Bhunreacht, agus is é sin Tríonóid Ró–Naofa na Críostaíochta –– feicigí libh an Brollach.
3) Ag caint air sin, fad a fhanfaidh ‘Brollach’ an Bhunreachta sa Bhunreacht, agus fad a fhanfaidh an focal ‘ceannairceach’ in Airteagal 40.6.1ºi, beidh cead ag breithiúna daoine a chiontú i gcoir is ionann is ‘aon ní diamhaslach … a fhoilsiú nó a aithris’. Admhaíonn an Brollach gurb í ‘an Tríonóid Ró–Naofa is tobar don uile údarás’ agus gur chuici ‘is dírithe ní amháin gníomhartha daoine ach gníomhartha Stát.’ Leanann an Brollach air: ‘Ar mbeith dúinne, muintir na hÉireann, ag admháil go huiríseal a mhéid atáimid faoi chomaoin ag Íosa Críost, ár dTiarna Dia’. Maidir le ‘aon ní diamhaslach a fhoilsiú nó a aithris’ sa chás sin, conas nach mbeadh sé ceannairceach?
4) Cad chuige togra an Rialtais an focal ‘diamhaslach’ a bhaint as Airteagal 40.6.1ºi? Tá a chuma air gur ag iarraidh an bonn a bhaint ó Bhrollach an Bhunreachta atá siad. Más mar sin atá, cad ina thaobh nach molfaidís glan amach an Brollach a bhaint amach as an mBunreacht? An amhlaidh a thuigeann siad go ndiúltódh formhór vótálaithe na Poblachta, inniu féin, dó sin, mar gur iarracht neamhnáireach ba ea é sin ar an gCríostaíocht a bhaint anuas céim i saol poiblí na tíre? Dhéanfadh na vótálaithe speach ina gcoinne chomh maith dá dtriailfeadh an Rialtas Airteagal 44.1 a bhaint amach. Dhealródh sé nach bhfuil éirithe go dtí seo leo na dromanna dubha a chur leis ‘an sean–nós Gaelach’, an cur chuige neamhdhíreach.
5) Tá daoine a d’áiteodh, i gcomhthéacs an chineáil Poblachta atá inniu againn, mar a gceadaítear an colscaradh agus an ginmhilleadh, Poblacht ina bhfuil iarracht déanta ar mhíniú nua a thabhairt ar an bpósadh, gur mithid dúinn éirí as a bheith ag tabhairt ‘coir’ ar ‘aon ní diamhaslach … a fhoilsiú ná a aithris’. Ach tarlaíonn uaireanta go múineann a gcuid fíor-dhroch–chinntí ceachtanna do dhaoine. Ó Shasana is ea Peter Hitchens, iriseoir agus tráchtaire, deartháir do Christopher Hitchens, trócaire air, duine de cheannródaithe na Nua–Aindiachaithe. Trotscaíoch ba ea Peter, ach tá sé casta ar chreideamh a óige, an tAnglacánachas. Áitíonn Peter go bhfuil deireadh le coincheap an phósta i Sasana, agus é sin de dheasca dhlí an cholscartha ansiúd [Peter Hitchens, ‘Marriage Debate | Peter Hitchens | Opposition’, OxfordUnion, Feabhra 10, 2012, YouTube.com]. Is amhlaidh atá Daon–Phoblacht na Síne ar a ndícheall ag iarraidh tabhairt ar lánúineacha diúltú don cholscaradh. Ní hé sin amháin é ach go bhfuil siad ar phointí a mbeartas ar an nginmhilleadh a thabhairt suas [Alexandra Ma, ‘China is so desperate to prevent divorce that it’s making couples take an exam before they can break up’, uk.businessinsider.com]. Timpeall leis an gceathrú cuid de líon daoine an Domhain, is i nDaon–Phoblacht na Síne atá cónaí orthu. An Pápa Emeritus, Beinidict XVI, áitíonn sé nach bhfuil bun diongbháilte le cearta an duine, ná níl siad le cosaint, mura mbíonn creideamh i nDia an Cruthaitheoir mar ancaire acu [‘Murab ann do Dhia, Titeann Cearta an Duine as a Chéile’, litir go dtí Marcello Pera, Samhain 29, 2014]. Ó Ard Mhacha is ea John Lennox go bunúsach, Airminiach, is é sin, Cailvíneach Liobrálach, agus Ollamh le Matamaitic ar Ollscoil Oxford, agus cuireann sé seo i bhfáth orainn, mura mbeidh Lá an Chuntais ann, nach dtabharfar Cothrom na Féinne go deo d’fhormhór na ndaoine dá raibh riamh ar an saol [‘Professor John Lennox | God DOES exist’, OxfordUnion, Nollaig 21, 2012 dáta a fhoilsithe, YouTube.com].
6) Is fíor go dtuigtear dá lán de mhuintir na hÉireann go bhfuil teipthe orthu ag an gCríostaíocht, agus ag an gCreideamh Caitliceach go háirithe, agus é sin mar gheall ar an droch–íde chollaí go léir, an droch–cheann a caitheadh le máithreacha gan phósadh, agus lena gcuid seo leanaí san am a caitheadh, agus an cheilt a rinneadh ar an méid sin i gcaitheamh na mblianta. Ní raibh sé ceart cur suas le cuid ar bith de na hainghníomhartha sin, leis an droch–cheann, ná níl siad inleithscéil. Á rá sin, ba é an 20ú céad an céad bliain ba mhó foréigean i stair an chine daoine. Fealsúnachtaí polaitíochta ba ea an Cumannachas agus an Naitseachas a dhiúltaigh do Dhia, agus a thriail an Chríostaíocht a smachtú nó a mharú. D’éirigh leis an gCumannachas na céadta milliún ar fud an domhain a mharú, agus bhí an Naitseachas ciontach leis sna scórtha milliún a mharú. Is mó i bhfad i bhfad an méid a d’éirigh leo siúd a mharú san 20ú céad, ná a d’éirigh le Críostaithe bréige a mharú i 2000 bliain den Chríostaíocht. Tá cruthaithe ag an stair gur measa i bhfad a dhéanann an cine daoine nuair a bhíonn siad beag beann ar an gCríostaíocht.
7) Creideamh againn nó uainn, déanann sé an–díobháil dúinn an fhírinne a cheilt. Cuid den fhírinne sin is ea é gurbh amhlaidh a d’fhás Sibhialtacht Iarthair Domhain againn féin as an gCreideamh Giúdach Críostaí leas a bhaint as Sibhialtacht na Gréige is na Róimhe. Tá an tsibhialtacht sin leata ar fud an domhain, agus má theipeann ar fad uirthi, beidh ré nua bharbarthachta ann. Síceolaí cliniciúil ó Cheanada é Jordan B. Peterson, údar Maps of Meaning (Routledge 1999), agus 12 Rules for Life (Penguin Allen Lane 2018) agus tá an ceart aigesean nuair a deir sé gur beag ar fad an méid aindiachaithe atá ar an saol dáiríre, mar gurb iad prionsabail na Críostaíochta atá ag a bhformhór [“Jordan B. Peterson vs atheist Susan Blackmore: Most people who claim to be atheist aren’t,” ‘Unbelievable’, Premier Christian Radio, YouTube.com] . Is teagasc mór ag na Liobrálaithe ar Clé is ea an Eaglais agus an Stát a scaradh ó chéile, ach is ó Íosa Críost féin ó thús an teagasc sin: ‘Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia’ [Marcas 12: 17]. Is cuid den tsaíocht agus den stair seo againne is ea Sibhialtacht Iarthair Domhain [Christopher Dawson, Religion and the Rise of Western Culture (London 1950)]. Tá ceart againn uirthi.
ADFAM a d’fhoilsigh –– Comhghuaillíocht Cosanta an Teaghlaigh agus an Phósta
ADFAM, Unit 104, 35 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach, Baile Átha Cliath 6. D06V4A0
www.adfam.ie, info@adfam.ie
An Clódóir: