Dé hAoine, Márta 8, 2024, beidh 2 Reifreann ann i dtaobh Airteagal 41 de Bhunreacht na hÉireann. Vótálaigí NÍL le tairiscint Leasú 39, agus NÍL le tairiscint Leasú 40, agus cosnaígí Teaghlaigh na hÉireann, arb iad cloch bhoinn agus sciath chosanta an tsaoil seo againne iad. Vótálaigí NÍL, agus seasaigí le ról bunaidh na máthar in aire a thabhairt do leanaí sa teaghlach, agus déanaigí an ról sin a chosaint agus a chur chun cinn. Ní haon iontaoibh an Stát chun cearta doshannta ‘an Teaghlaigh’ a chosaint, má bhaintear an bonn ón bhfocal sin trí aitheantas a thabhairt do ‘chóngais bhuanfasacha’ chomh maith, ná ní haon iontaoibh an Stát go gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí dearfacha atá orthu, ról na máthar a chosaint agus a chur chun cinn, agus í ina cúramóir ar a cuid leanaí sa teaghlach, má scriosann siad amach ‘bean’, ‘máthair’ agus ‘Teaghlach’ as Bunreacht na hÉireann.
#Vótálaigí NÍL le Leasú 39
#Vótálaigí NÍL le Leasú 40
–––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––
Leasú 39 [An Teaghlach]
- AN TAIRISCINT AIRTEAGAL 41.1.1º A ATHRÚ:
Airteagal 41.1.1º: ‘Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach, bíodh sé bunaithe ar an bpósadh nó ar chóngais bhuanfasacha eile, is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.’
- AN TAIRISCINT AIRTEAGAL 41.3.1º A ATHRÚ, TRÍD AN TÉACS A bhFUIL LÍNE TRÍD A SCRIOSADH:
‘Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe Gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.’
Leasú 40 [Cúram]
- AN TAIRISCINT AIRTEAGAL 41.2.1º AGUS AIRTEAGAL 41.2.2º A SCRIOSADH,
- AGUS AIRTEAGAL NUA, AIRTEAGAL 42B, A CHUR ISTEACH
Airteagal 41.2.1º ‘Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.’
Airteagal 41.2.2º ‘Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.’
IS AMHLAIDH ATÁIMDNE IN AGHAIDH NA ‘TAIRISCEANA’ AIRTEAGAL 42B
A CHUR IN ÁIT AIRTEAGAL 41.2
Airteagal 42B atáthar a thairiscint:
Admhaíonn an Stát go dtugtar taca don Chomhdhaonnacht, ar taca é nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais, de bhíthin cúram a bheith á thabhairt ag daoine de theaghlach dá chéile toisc na snaidhmeanna atá eatarthu, agus beidh an Stát ag dréim leis an gcúram sin a thabhairt.
Ní chuireann Airteagal 42B oibleagáid dhearfach ar bith ar an Stát tacaíocht airgid, ná cosaintí a thabhairt, do chúramóirí sa teaghlach. Is é an chaoi ar dréachtaíodh d’aon toisc an tAirteagal mar sin le nach mbeadh an Stát thíos leis i gcúrsaí airgid; ach ag cur na ndaoine amú atá siad, ag iarraidh go nglacfaí leis an Leasú sin. NÁ BÍODH MUINÍN as an Rialtas agaibh.
–––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––
CAD CHUIGE A VÓTÁLFADH DUINE ‘NÍL’?
Leasú 39
- Le cearta doshannta an Teaghlaigh Éireannaigh A CHOSAINT –– cearta is ársa agus is airde ná an Stát. Ionsaí díreach ar an Teaghlach ba ea é Airteagal 41.1.1º a leasú le go n–áireodh sé ‘cóngais bhuanfasacha’. Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin, dúirt sí le déanaí, ‘i dtaobh cárta Nollag a chur go dtí lánúin, go mbeadh sé sin le háireamh ar cheann de na cóngais bhuanfasacha.’ Ach míniú nua a thabhairt ar an Teaghlach, ní foras beannaithe feasta é, beidh cialla difriúla leis, agus áireoidh sé rud ar bith a chinnfidh an Stát.
- Má áirítear na ‘cóngais bhuanfasacha’, méadóidh sé sin go mór ar na hinimircigh a thiocfaidh isteach in Éirinn, faoi Scéim Víosa Athaontaithe an Teaghlaigh, nach bhfuil i gceist anois léi, ach céile an dídeanaí, nó leanbh leo. D’eisigh an Ghearmáin 121,000 víosa athaontaithe teaghlaigh in 2022, tar éis di cur leis na slata tomhais cáilíochta. Tá géarchéim ar Éirinn, mar atá sí, de dheasca bheartas inimirce an Stáit, rud atá ag cur isteach ar shaol sóisialta na hÉireann ar fad. Dhearbhaigh Airí Rialtais, dá n‑áireofaí ‘cóngais bhuanfasacha’ i mBunreacht na hÉireann, go gcuirfeadh sé sin le réimse na n‑iarratasóirí ar víosaí athaontaithe teaghlaigh in Éirinn.
Leasú 40
- Airteagal 41.2.2 º, cuireann sé mar oibleagáid dhearfach ar an Stát go ‘[bh]Féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.’ D’fhéadfaí a mhaíomh gur chuir sé sin ann do cheart na máthar ar shlándáil shóisialach, agus ar chosaintí a bhaineann leis an obair, le híocaíochtaí máithreachais agus le ranníocaíochtaí pinsin Cúraim Baile. Má scriostar an tAirteagal sin, ní bheidh de dhualgas feasta ar an Stát –– dualgas a chumhdaítear i mBunreacht na hÉireann mar atá –– tacaíocht airgid agus cosaintí a thabhairt do mháithreacha a thugann aire dá gclann sa teaghlach, agus féadfaidh an Stát, le reachtaíocht, deireadh a chur le cearta atá anois ann.
Na focail ‘bean’, ‘máthair’, agus ‘teaghlach’, a scriosadh amach as Bunreacht na hÉireann, ní dul chun cinn é sin, ach dul ar gcúl
––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––––
LEANAIMIS DEN CHAIDREAMH
Glacaigí páirt san obair!
Ní fhaighimidne maoiniú ar bith ón Stát, agus is ag brath ar shíntiúis ó ghnáthdhaoine atáimid le tacú lenár gcuid feachtas.
https://gogetfunding.com/safeguardchildren/
Natural Women’s Council
Telegram naturalwomenscouncil
YouTube naturalwomenscouncil
Parents Rights Alliance
🌐 www.parentsrightsalliance.com
x @ParentsrightsA
Irish Education Alliance
🌐 www.irisheducationalliance.com
x @education_irish
Lawyers for Justice Ireland
Telegram LFJIrelandOfficial
X @LFJIreland
f Lawyers for Justice Ireland