Error message

  • Warning: ini_set() has been disabled for security reasons in drupal_environment_initialize() (line 687 of /home/adfam/public_html/includes/bootstrap.inc).
  • Warning: ini_set() has been disabled for security reasons in drupal_environment_initialize() (line 690 of /home/adfam/public_html/includes/bootstrap.inc).
  • Warning: ini_set() has been disabled for security reasons in drupal_environment_initialize() (line 691 of /home/adfam/public_html/includes/bootstrap.inc).
  • Warning: ini_set() has been disabled for security reasons in drupal_environment_initialize() (line 692 of /home/adfam/public_html/includes/bootstrap.inc).
  • Warning: ini_set() has been disabled for security reasons in drupal_environment_initialize() (line 695 of /home/adfam/public_html/includes/bootstrap.inc).
  • Warning: ini_set() has been disabled for security reasons in drupal_environment_initialize() (line 697 of /home/adfam/public_html/includes/bootstrap.inc).
  • Warning: ini_set() has been disabled for security reasons in include_once() (line 300 of /home/adfam/public_html/sites/default/settings.php).
  • Warning: ini_set() has been disabled for security reasons in include_once() (line 301 of /home/adfam/public_html/sites/default/settings.php).
  • Warning: ini_set() has been disabled for security reasons in include_once() (line 309 of /home/adfam/public_html/sites/default/settings.php).
  • Warning: ini_set() has been disabled for security reasons in include_once() (line 316 of /home/adfam/public_html/sites/default/settings.php).

An 8ú Leasú a Aisghairm. Vótálaigí 'NÍL' leis sin!

Reifreann chun an 8ú Leasú [an Leasú ar Son na mBeo] a Aisghairm?

Vótálaigí ‘NÍL’ leis sin!

1) Dá ndéanfaí an Aisghairm chuirfí go mór leis an méid ginmhilltí. Ní hamháin go maródh ginmhilleadh Prasa, iníon Savita Bean Halappanavar, ach mharódh sé Bean Halappanavar chomh maith. Is é an tOchtú Leasú [an Leasú ar Son na mBeo] an chéad mhír d’Airteagal 40.3.3°. Má dhéantar é sin a aisghairm, ciallóidh sé gur mó i bhfad an méid ginmhilltí a dhéanfar ar na beo-gan-breith in Éirinn ná a dhéantar i láthair na huaire. Na dochtúirí agus na meáin chumarsáide atá a son an liobrálaithe, tá siad ar a ndícheall beag is fiú a dhéanamh de na tuairiscí ar dhroch–iarmhairtí an ghinmhillte do na máithreacha, agus ní ghéillfidh siad iontu. Chuir an Dr Peter Boylan comhairle ar Pháirtí an Luchta Oibre i dtaobh an pholasaí acusan ar an nginmhilleadh. Ar chruinniú Dheireadh Fómhair 11, 2017, de Chomh-Choiste an Oireachtais um an Ochtú Leasú, d’fhiafraigh an Teachta Mattie McGrath den Dr Boylan bás máthar a ainmniú, seachas bás Savita Bean Halappanavar, ab fhéidir a chur síos, dar leis, don Ochtú Leasú. Ní fhéadfadh an Dr Boylan cuimhneamh ar bhás ar bith eile mar sin. Ní miste breith an Dr Hema Divakar a thabhairt air sin, cnáimhseach agus lia ban mór le rá ón India, a deir go bhfaigheadh Bean Halappanavar bás dá ndéanaí ginmhilleadh ar a hiníonsa, Prasa, an Luan úd, bhí Savita chomh lag sin [The Hindu (Bangalore, Samhain 16, 2012). Bhí an turraing sheipteach ar na cúiseanna le bás Savita Bean Halappanavar, dar leis an Ollamh Grace Callagy, comhairleoir paiteolaíochta [Paul Cullen, ’Savita died of septic shock, pathologist tells hearing’, The Irish Times, Déardaoin, Aibreán 18, 2013]. Is í an tseipsis an trúig bháis is mó don mháthair sa Ríocht Aontaithe [National Perinatal Epidemiology Unit (NPEU), Ollscoil Oxford, Márta 29, 2016: npeu.ox.ac.uk]; gach uile shórt obráide folmhaithe broinne, cuireann siad le contúirt na seipsise [ibid.]

2) Tá fianaise láidir leighis ann go bhfuil baint ag an nginmhilleadh leis an ailse chíche, agus le droch‑íde ar leanaí sa teaghlach céanna. Bhí conspóid le déanaí i dtaobh baint a bheith ag an nginmhilleadh le hailse chíche, agus i dtaobh droch–íde ar leanaí a bhfaigheann a máthair ginmhilleadh. Tugtar le tuiscint sna meáin chumarsáide nach bhfuil bun le ceachtar den dá áitiú sin. Bás othar a thagann as easaontais idir dhochtúirí. 4 bliana ó shin sa tSín rinneadh meat–anailís a dhearbhaíonn go láidir go bhfuil baint ag an nginmhilleadh le hailse chíche –– feicigí libh ar an ‘Liosta Foilseachán’. Feicigí libh chomh maith láithreán Gréasáin Breast Cancer Prevention Institute. Maidir le droch–íde ar leanaí a bhfaigheadh a máthair ginmhilleadh, tá bun leis an tuairisc sin dar le heolaithe, cuir i gcás, an síciatraí agus an síceolaí leanaí ó Cheanada, an Dr Philip G. Ney, i leabhar leis-sean, Deeply Damaged –– An Explanation for the Profound Problems Arising from Infant Abortion and Child Abuse (Pioneer Publishing Co. Ltd: Victoria, British Columbia, Canada 1997; an 3ú hEagrán 2015) –– feicigí libh Caibidlí 2, 4, 8, 9 agus 10.

3) Aithnítear i ndlí Phoblacht na hÉireann gur pearsa dhaonna ón ubhthoirchiú is ea an beo–gan–breith. Ní aithníonn dlí na hÍsiltíre ná dlí Shasana gur pearsa dhaonna is ea an beo–gan–breith. Is é teideal na rannóige den Bhunreacht ina bhfuil Airteagal 40.3.3° 'Bunchearta –– Cearta Pearsanta'. Ní hamháin go meastar an ceart chun a mbeatha ag na beo–gan–breith a bheith ina cheart pearsanta, ach an admháil gur pearsa dhaonna is ea an féatas daonna, tá teannta léi sin ag an Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí–Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014, Interpretation/Míniú. 2. (1), faoin bhfocal 'body'/'corp'. Dá réir sin, tá an bonn bainte ag an Acht sin ón léirmhíniú ar son an ghinmhillte a rinneadh sa bhreith a tugadh ar Chás 'X'. An dlí reachtúil a admháil chomh maith gur pearsa dhaonna is ea an féatas daonna, tá argóint an–láidir ann sin i gcoinne é/í a dhíothú ar aon chúinse. Glacann Acht 2014 le Tástáil an DNA, agus dá bhrí sin admhaíonn an Stát anois gur leis an ubhthoirchiú a thosaíonn an duine indibhidiúil ar an mbeatha aigesean/aicise. Dé Céadaoin, Márta 7, 2018, thug an Chúirt Uachtarach a mbreithsean ar Rialú Iúil 29, 2016, ag an nGiúistís Humphreys. Is amhlaidh atá rialaithe ag an gCúirt Uachtarach nach bhfuil de cheart Bunreachtúil ag na beo–gan–breith ach an ceart chun a mbeathasan, de réir Airteagal 40.3.3°. Ar a shon sin is uile, ní dhearna an Chúirt Uachtarach tagairt ar bith don Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí–Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014, agus mar sin, níl cúis ar bith lena cheapadh go bhfuil maolú déanta acusan ar an soiléiriú ar an gceart sin a thugtar in Acht 2014. Ní thugtar aitheantas dá laghad san Ísiltír ná i Sasana do phearsantacht na mbeo–gan–breith sula saolaítear iad [feicigí libh sa Trascríobh ar imeachtaí na gcruinnithe ag Comh–Choiste an Oireachtais, tráchtaireacht ag an Ollamh Sjef Gevers ar chruinniú Shamhain 23, 2017; agus tráchtaireacht ag an Uasal Peter Thompson, ar chruinniú Shamhain 29, 2017.] Tá sé de rún ag an Rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach faoi bhráid Ubhthoirchiú in Vitro; 96% de na suthanna daonna a choimprítear lena linn sin, is amhlaidh a vástáiltear d’aon toisc iad [Nicholas Tonti–Fillipini, 'Reproductive Technology Outcomes in Australia: Analysing the Data', Bioethics Research Notes (Márta 2003, 15: 1, 2)]. Máistir an Rotunda, an tOllamh Fergal Malone, dúirt sé ar chruinniú de Chomh–Choiste an Oireachtais um an Ochtú Leasú, go scartar le idir 30% agus 40% de na coimpearthaí daonna go léir (Deireadh Fómhair 11, 2017). Is é sin, gur lú go mór an méid a scartar go nádúrtha leo ná a vástáiltear le linn Ubhthoirchiú in Vitro. Tá de rún ag an Rialtas taighde díothaithe a cheadú ar shuthanna daonna 'farasbairr' go dtí an 14ú lá tar éis an ubhthoirchithe [General Scheme of the Assisted Human Reproduction Bill 2017, PART 7, lgh 143–152]. I láthair na huaire ní cheadaíonn an dlí díothú d’aon toisc ar na beo–gan–breith ach ar na cúinsí a leagtar amach in ailt 7, 8, 9 den Acht um Chosaint na Beatha le linn Toirchis, 2013, agus ní cheadaíonn an méid sin féin ach 'tar éis ionchlannú/implantation' –– ní cheadaíonn sé roimh an ionchlannú é [feicigí libh an focal unborn, Interpretation 2. (1), An tAcht um Chosaint na Beatha le linn Toirchis, 2013]. Sin cúis eile a dteastaíonn ón Rialtas Airteagal 40.3.3° a Aisghairm; teastaíonn uathu chomh maith an tAcht um Chosaint na Beatha le linn Toirchis, 2013, a Aisghairm, ach ní ar na cúiseanna céanna a dteastaíonn ón dream ar–son–na–mbeo é a Aisghairm.

4) Is ionann ginmhilleadh agus pionós an bháis ar dhuine neamhurchóideach. Barbarthacht an ghinmhillte ar an mbeo–gan–breith, ní chuirfí suas leis ar ainmhí. Tá deireadh, geall leis de, curtha le pionós an bháis i bhformhór na dtíortha daonlathacha in Iarthar Domhain. Má cheadaímidne ginmhilleadh, nó má chuirimid le cead chun ginmhilleadh, is é rud atáimid a dhéanamh ag daoradh na mbeo–gan–breith chun báis, agus iad neamhurchóideach ar fad; bás an–chruálach é sin i gcás an ghinmhillte le máinliacht. Dá bhfaighfí duine i bPoblacht na hÉireann ciontach i marú madra ar an tslí a ndéantar búistéireacht ar na beo–gan–breith ina liacht ginmhilleadh, ghearrfaí fíneáil throm air/uirthi, nó ropfaí isteach i bpríosún é/í.

5) Má dhéantar an ginmhilleadh a liobrálú a thuilleadh, cuirfidh sé go mór le bille damáistí leighis an chnáimhseachais. Ní féidir an galrú, ná an fhíorchontúirt, a thuar le linn iompar clainne. Níl ciall chruinn le ‘tubaisteach’ ná ‘marfach’ maidir le héalanga a chiorródh ar shaol linbh. Timpeall le €1 billiún buiséad bliantúil an Stáit ar an gcnáimhseachas; €1.6 billiún a chaitheann an Stát go bliantúil ar dhamáistí leighis, agus 60% den méid sin ar chásanna cnáimhseachais. Le linn na gcruinnithe ar an Ochtú Leasú ag Comh–Choiste an Oireachtais, d’admhaigh dochtúirí atá ar son an liobrálaithe, nach féidir a thuar i dtaobh galrú le linn iompar clainne go n‑iompóidh sé marfach [tráchtaireacht ag an Dr Rhona Mahony, Máistir Ospidéal Shráid Holles, Deireadh Fómhair 11, 2017]. D’admhaigh dochtúirí atá ar son an liobrálaithe chomh maith nach bhfuil míniú beacht eolaíochta ar ‘tubaisteach’ ná ‘marfach’ maidir le héalanga a chiorródh ar shaol linbh [Peter Thompson, loc. cit.]. Fairis sin, dúradh gur timpeall le €1 billiún buiséad an Stáit ar chnáimhseachas agus liacht bhan; gur €1.6 billiún a dhíolann an Stát amach go bliantúil ar chásanna damáistí leighis, agus gur ar chásanna cnáimsheachais agus liachta ban a chaitear 60% den bhille sin [tráchtaireacht ag an Dr Rhona Mahony, Máistir Ospidéal Shráid Holles, Deireadh Fómhair 11, 2017]. Is é an tátal atá le baint as sin nach bhfuil baint dá laghad ag an ngluaiseacht ar son liobrálú leis an leigheas, ach go bhfuil baint aici le dlí a bhagairt. Tá dochtúirí óga ag seachaint an chnáimhseachais agus na liachta ban, mar gur mian leis na dochtúirí óga cloí le prionsabal seanbhunaithe an leighis, primum non nocere, ‘thar aon rud, gan díobháil a dhéanamh’. Is léir gurb é prionsabal na ndochtúirí atá ar son liobrálú ‘fág na ceisteanna go dtí tar éis an ghinmhillte’. Cuimhnímis gur mó an tuarastal atá do chuid de na dochtúirí atá ar son liobrálú, ná atá don Taoiseach.

6) Teacht a bheith níos fairsinge ar fhrithghiniúnaigh agus ar ghinmhilltigh, agus iad sin a bheith saor in aisce, ní laghdaíonn sé ar líon na dtoircheas gan iarraidh ag girseacha. Oideachas éigeantach ar chollaíocht ar leanaí an–óg, is cineál droch–íde collaí ar leanaí é, sáraíonn sé cearta tuismitheoirí, cearta coinsiasa, agus saoirse chreidimh. Tá laghdú tagtha go fírinneach ar ghníomhaíocht chollaí ag daltaí ardscoile i Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2005–2015, agus tá laghdú ar an iompar clainne ag girseacha ardscoile chomh maith. Moladh sa Tuarascáil ón gComhchoiste um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, go gcuirfí frithghiniúnaigh agus ginmhilltigh ar fáil níos fairsinge, agus saor in aisce, d’fhonn laghdú ar an iompar clainne ag girseacha [‘Chapter 3 –– Ancillary Recommendations, lgh 12–15]. Dúradh gur cheart do Phoblacht na hÉireann sampla na hÍsiltíre a leanúint, mar gur réiteach ‘iontach’ atá ar an bhfadhb aici sin. Cur i gcéill ó bhonn aníos atá ann sin [cruinniú Shamhain 23, 2017]. Ní áiríonn an Ísiltír na ginmhilltí i seachtainí tosaigh an iompair clainne. Lucht páirte an liobrálaithe, d’admhaigh siad, mar atá déanta ag na boic mhóra i ngluaiseacht an ghinmhillte leis na deicheanna de bhlianta, gurb amhlaidh a ‘theipeann’ ar fhrithghiniúnaigh agus ar ghinmhilltigh minic go leor, agus áitíonn siad seo go bhfuil gá leis an nginmhilleadh déanach leighis, agus leis an nginmhilleadh le máinliacht, chun déileáil leis an ‘teip’ sin. Ollamh le hEacnamaíocht is ea an tOllamh David Patton, ar Ollscoil Nottingham i Sasana, agus tá Patton á rá le blianta nach é an réiteach ar an bhfadhb, frithghiniúnaigh agus ginmhilltigh a bheith ar fáil níos fairsinge. Gheofar achoimre mhaith ar a chuid sin smaointe, agus ar smaointe daoine atá ag tacú leis, ach eagrán Mhárta 14, 2017, den alt seo a mhúscailt, http://www.washingtonpost.com.news/the–fix/wp/2016/05/14/abortion–rates–are. Tá sé molta sna hAncillary Recommendations go ndéanfaí oideachas ar chollaíocht níos éigeantaí ná atá i láthair na huaire. Dhéanfadh sé sin neamhshuim ar fad de chearta tuismitheoirí chun oideachas a chur ar a gcuid féin leanaí, agus de chearta tuismitheoirí ar shaoirse chreidimh, agus dá gcuid ceart coinsiasa. Oideachas mionchúiseach den saghas atá i gceist, is cineál droch–íde collaí ar leanaí atá ann. Tá laghdú tagtha go fírinneach ar an ngníomhaíocht chollaí i measc daltaí ardscoile i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus laghdú ar an iompar clainne ag girseacha ardscoile, [‘Sexual Intercourse Among High School Students –– 29 States and U.S. Overall, 2005–2015’, Center for Disease Control and Prevention, Eanáir 5, 2018.] Ach tá an Rialtas seo againne ag déanamh neamhshuime den fhianaise go léir i gcoinne a bpolasaí féin, agus tá i gceist acu an chuid réamhráite de na hAncillary Recommendations a chur i bhfeidhm, má vótálann na vótálaithe leis an 8ú Leasú a Aisghairm –– feicigí libh, 'Proposals to widen access to birth control', The Irish Times, Dé Sathairn, Márta 24, 2018, lch 6. Feillghníomh aisteach a bheadh ina leithéid, a chuirfeadh airgead i bpócaí na bpoitigéirí dímhorálta agus ábhair na nginmillteoirí –– dá rachadh an Rialtas chun cinn leis.

7) An moladh ginmhilleadh a cheadú sa chéad 12 sheachtain, chiallódh sé ‘séasúr oscailte’ ar na beo–gan–breith sna seachtainí sin, agus bheadh ‘séasúr oscailte’ chomh maith ar na beo–gan–breith, ón 22ú seachtain ar aghaidh i dtaobh éalanga a chiorródh ar a saol. Dhéanfadh dí-choiriúlú beag is fiú den ghinmhilleadh. Is é rud a theastaíonn ó na cainteoirí ar son liobrálú, dáiríre, ‘séasúr oscailte’ a fhógairt ar na beo-gan–breith sa chéad 12 sheachtain acu seo, agus i gcás na n–éalang a chiorródh ar a saol, nach ndéantar diagnóisiú orthu go dtí an 22ú seachtain. Léiriú is ea é sin ar a mhíréasúnta atá sé, ‘an beagán beag ginmhillte’ féin a cheadú. Dá ndéanfaí dí‑choiriúlú ar an nginmhilleadh i ráithe ar bith, ní dhéanfadh sé sin ach rud neafaiseach den ghinmhilleadh. Cuimhnímis gur beatha duine atá i gceist, agus nach rud neafaiseach í sin.

8) Bhí claonadh an–láidir ar son an ghinmhillte ag an Tionól Saoránach, agus ag Comh-Choiste an Oireachtais. Cad chuige dóibh neamhshuim a dhéanamh den phrionsabal ‘éist leis an taobh eile.’ Bhí na trucailí fáilte ag an Tionól Saoránach agus ag Comh-Choiste an Oireachtas roimh lucht páirte an ghinmhillte ó thar lear, agus roimh ghinmhillteoirí féin, nach bhfuil a fhios ag a bhformhór cé mhéad ginmhilleadh atá déanta acu. Bhí ginmhillteoir amháin ann, Peter Thompson, nach raibh freagra cruinn aige nuair a fiafraíodh de cén toirt a bhíonn sa bheo-gan-breith tar éis 24 seachtaine den iompar clainne, ceist simplí go maith [Samhain 29, 2017]. Ní cuimhin leis an Uasal Thompson cé mhéad ginmhilleadh atá déanta aige féin –– na céadta, nó na mílte, b’fhéidir. Vótáil Comh-Choiste an Oireachtais le gan an tOchtú Leasú a choinneáil ina iomláine, i bhfad sula raibh na finnéithe go léir cloiste acu. An leithscéal is lú, shásaigh sé iad nuair nár theastaigh uathu éisteacht a thabhairt do dhochtúirí ar son na mbeo, ná do ghníomhaithe ar son na mbeo. Cuireadh i leith na ndaoine seo ansin nach raibh siad in ann an cás ar son na mbeo a chosaint. Is beag duine atá in ann a gcás a chosaint nuair is mar a chéile an breitheamh, an giúiré, agus an crochadóir.

9) Meath ar an líon daoine ar fud an Domhain, ach san Afraic amháin. Fadhbanna le pinsin a sholáthar. Rud buile ba ea an dlí a liobrálú a thuilleadh i bPoblacht na hÉireann i láthair na huaire. Is í an Afraic an t­–aon mhór–roinn ar domhan a mbíonn a ndóthain sleachta ar na daoine ann. Ag teip go tubaisteach atá an Eoraip i dtaobh líon daoine, de dheasca an ginmhilleadh a bheith dleathach, agus teorannú rómhór a bheith á dhéanamh ar líon na clainne. Is é an chúis a bhfuil a oiread foinn ar an nGearmáin líon mór inimirceach a scaoileadh isteach mar nach bhfuil a ndóthain den phobal dúchais ann chun na jabanna a dhéanamh a dhéanann na hinimircigh. Is fadhb an-mhór cheana is ea pinsin a sholáthar. Mura mbíonn ár ndóthain daoine óga gníomhacha ann, rachaidh dínn na pinsin a dhíol. Ní healaín dúinne leanúint orainn ag déanamh neamhshuime den fhadhb sin.

10) Díothú cine a thagann as caitheamh le daoine i leith is nár dhaoine iad. Rinneadh amach san aimsir atá thart go bhfuil daoine daonna áirithe ann nach daoine daonna i gceart iad, agus is as sin a tháinig uafáis an díothaithe cine, in Éirinn féin, agus i Meiriceá, san Airméin, sa Ghearmáin, agus san Astráil, abair.

11) Tá lucht páirte na hAisghairme ag tathant orainne, ní hamháin go gcuirfimis muinín sna mná, ach sna dochtúirí chomh maith, agus go bhfágfaimis an reachtaíocht ar an nginmhilleadh faoi lucht déanta an dlí. An tagairt i dtogra an Reifrinn do 'le dlí', ní léir uirthi cé acu atá an reachtaíocht ar 'fhoirceannadh toirchis' le fágáil faoi achtú ag an Dáil agus ag an Seanad, nó faoi Ordú ag an Aire. Cuid de na polaiteoirí, tá siad iontaofa, ach tá ciall cheannaithe againne, agus tuigimid gurb iomaí polaiteoir nach bhfuil iontaofa. 'Chonaic mé cheana thú,' mar a dúirt an cat leis an mbainne scólta. Ní bheadh gá ar bith le dlíthe, dá mba rud é nach ndéanfadh fir ná mná coir go deo. Seán Fleming, TD ag FF i Laois, labhair sé i nDáil Éireann, Dé Máirt, Márta 20, 2018, gur thagair do Reifrinn a tionóladh le blianta beaga anuas, ar vótáil na vótálaithe 'NÍL', mar gur tuigeadh do na vótálaithe gur ag iarraidh cur lena gcuid cumhachta féin a bhí na polaiteoirí, cuir i gcás Reifreann 2011 faoi chead a thabhairt don Oireachtas fiosrúcháin uileghabhálacha a thionól; agus Reifreann 2013 faoi dheireadh a chur le Seanad Éireann.

12) Ní córas daonlathach ach córas olagarcach é córas an Reifrinn seo againne. Ní gá i bPoblacht na hÉireann tromlach na vótálaithe cláraithe a bheith le togra Reifrinn chun go n­–éireodh leis; is leor tromlach na vótálaithe a vótálann lá an Reifrinn a bheith leis. Ní córas daonlathach Reifrinn atá againn, ach córas olagarcach. Ní ceart dul chun cinn le togra dea–bhunaithe féin a chur ar Reifreann, mura vótálann tromlach na vótálaithe cláraithe i Réamh-Reifreann le togra áirithe a chur ar Reifreann. Tromlach na vótálaithe cláraithe, mura mbíonn siad i bhfabhar an togra sa Reifreann Iarmhartach, glactar leis go bhfuil diúltaithe go daonlathach dó! Fairis sin, mar a dúradh romhainn, ní togra cuí le haghaidh Reifrinn is ea é iarracht a dhéanamh ar a gceart chun na beatha a bhaint de dhaoine neamhurchóideacha.

Liosta Foilseachán:

Yubei Huang, et al., ‘A meta–analysis of the association between induced abortion and breast cancer risk among Chinese females’, Cancer Causes Control. Foilsiú ar líne, Samhain 24, 2013.

http://www.oireachtas.ie/parliament/media/committees/eighthamendmentofth.... Feicigí libh ‘Chapter 3 –Ancillary Recommendations, pp. 12‑15.

Joint Assessment by Fitzpatrick, McGrath and Mullen on the Committee of the 8th Amendment.pdf

AttachLanguage: