Liosta ADFAM, Feabhra 25 -- an Treoir i dtaobh Olltoghchán 2016
Fógra i dtaobh an láithreáin Ghréasáin, WhichCandidate.ie. Cuid mhaith de na cuntais ar an láithreán sin, ar sheasamh na n-iarrthóirí, níl siad ag teacht leis na cuntais ar láithreán an Fheachtais ar Son na mBeo, ná ar láithreán Institiúid na mBeo. Ní mó ná sin atá siad ag teacht lena bhfuil ráite ag cairde linne i nDáilcheantair ar fud na tíre, i dtaobh an tseasaimh ag iarrthóirí sa Dáilcheantar seo acu féin.